About
Shop
Contact Us

Mass Readings

Liturgical Readings for : Sunday, 31st March, 2024
Today's Readings
Readings in English

 

 

DOMHNAC  CÁSCA AISÉIRÍ ÁR dTIARNA

CHÉAD LÉACHT

Sliocht as an céad Leabhar Gníomhartha na nAspal        10:34. 37-4
D‘itheamar agus d’ólamar ma chuideachta I ndiaidh a aiséirí ó mhairbh.

  Ansin thosaigh Peadar ag labhairt:
“Tuigim anois go fíor nach bhféachann Dia chun pearsan seachas a chéile Tá a fhios agaibh an rud a thit amach ar fud Iúdáia, tar éis dó tosú sa Ghailíl i ndiaidh an bhaiste a d’fhógair Eoin, an scéal faoi Íosa ó Nazarat: mar a choisric Dia é leis an Spiorad Naomh agus le cumhacht; mar a chuaigh sé timpeall na tíre ag déanamh na maitheasa agus ag leigheas gach duine a bhí faoi smacht an diabhail, mar go raibh Dia fairis. Agus is finnéithe sinn ar gach ní dá ndearna sé i dtír na nGiúdach agus in Iarúsailéim. Chuir siad chun báis é á chrochadh ar chrann, ach thóg Dia ón mbás an treas lá é agus thug le feiceáil é, ní don phobal ar fad é, ach do na finnéithe a bhí réamhcheaptha ag Dia, is é sin le rá, dúinne. Chaitheamar bia agus deoch ina theannta tar éis a aiséirithe ó mhairbh agus d’ordaigh sé dúinn a fhógairt don phobal agus a dhearbhú gurb é atá ceaptha ag Dia ina bhreitheamh ar bheo agus ar mhairbh. Agus is air a thugann na fáithe uile an fhianaise seo go bhfuil maithiúnas peacaí le fáil ina ainm ag an uile dhuine a chreideann ann!”

Briathar Dé.                        Buíochas le Dia

Salm le Freagra             Sm 117
Freagra                              Is é seo an lá a rinne an Tiarna: biodh áthas is gliondar orainn.
Malairt Freagra            Alleluia!

I. Alleluia!
Tugaigí buíochas don Tiarna toisc gur maith é: óir maireann a ghrá de shíor.
Bíodh teaghlach Isráél a rá: ‘Maireann a ghrá de shíor.’                    Freagra

2. D’oibrigh deaslámh an Tiarna go tréan: is í a dheaslámh a d’ardaigh me.
Ni éagfaidh me-mairfidh mé agus inseoidh mé a mhóréachtaí.      Freagra

3. An chloch dár dhiúltaigh na saoir, rinne ceann an chúinne di.
Is é an Tiarna a rinne é seo, agus is éachtach linne é.                       Freagra

heavenly cityDARA LÉACHT  

Sliocht as Litir Noamh Pól chuig na Colosaigh      3:1-4
Lorgaígí na nithe atá thuas mar a bhfuil Críost.

A bhráithre, ós rud é go bhfuil sibh éirithe ó mhairbh mar aon le Críost, bíodh lorg agaibh ar na nithe atá thuas mar a bhfuil Críost ina shuí ar dheis Dé.Bíodh bhur n-aire ar na nithe atá thuas agus ní ar na nithe atá ar talamh.Mar tá sibh tar éis bháis agus tá bhur mbeatha folaithe i nDia i bpáirt le Críost. Is é Críost bhur mbeatha, agus nuair a nochtfaidh seisean chugainn nochtfaidh sibhse chomh maith faoi ghlóir in éineacht leis.

Briathar Dé.          Buíochas le Dia
_________________________________

Malairt DARA LÉACHT     

Sliocht as an céad Litir Naomh Pól chuig na Coirintig          5:6-8
Glanaígi amach an tseanghabháil ionas go mbeidh sibh in bhur dtaosnua.

A bhráithre, ní healaí daoibh an mhórchúis; nach bhfuil a fhios agaibh go ndéanann pinse gabháile an taos go léir a ghabháileadh. Glanaigí amach an tseanghabháile ionas go mbeadh sibh in bhur dtaos úrnua gan gabháile ar bith ionaibh – agus is mar sin atá sibh, mar tá Críost, ár n-uan Cásca, íobartha. Déanaimis an fhéile a cheiliúradh dá bhrí sin, agus ní leis an tseanghabháile é, le gabháile an oilc agus na hurchóide, ach le slimarán an ionracais agus na fírinne.

Briathar Dé.              Buíochas le Dia
________________________________

Rosc

Moladh na Críostaithe
an tÍobartach Cásca,
an tUan mingheal
na caoirigh a shíorshlánaigh.

Críost is é gan pheaca
chuir sé ar ais na peacaigh
in athmhuintearas an Athar.

Bhí comhrac rathmhar
idir bas is beatha;
Rí na beatha marbh:
sin é ina Rí ina bheatha.

A Mháire, d’úinne abair
cad a chonaic tú sa bhealach?

Chonaic mé tuama Chriost bhi
is glóir a aiséirí,
finnéithe ainglí,
bréid is culaith.

D’aiséirigh Críost, mo dhóchas.
Rachaidh go Gailil romhaibh.

Is léir dúinn Críost, ár mbeatha,
éirithe 0 na mairbh.

A Rí, do thrócaire luaigh linn,
ós é go bhfuil an bua agat.
Amen. Alleluia

Comhgháir an tSoiscéil 
Alleluia, Alleluia!
Tá Críost,ár n-uan Cásca, íobartha. Déanaimis an fhéile dá bhrí sin san Tiarna.
Alleluia!

SOISCÉAL 

Go raibh an Tiarna libh.         Agus le do spiorad féin
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin       20:1-9
Níorbh fholáir é a aiséirí ó mhairbh.

An chéad lá den tseachtain tháinig Máire Mhaigdiléana go moch, agus an dorchadas fós ann, chun an tuama agus chonaic sí an líog aistrithe ón tuama. Rith sí ansin agus tháinig sí go dtí Síomón Peadar agus go dtí an deisceabal úd eile ab ionúin le Íosa.
Thog siad an Tiarna as an tuama,” ar sí leo, “agus níl a fhios againn cár chuir siad é.”

p+John raceAmach le Peadar agus leis an deisceabal eile ansin agus chuaigh siad chun an tuama. Chrom siad a mbeirt ar rith in éineacht agus rith an deisceabal eile níos luaithe ná Peadar agus is é is túisce a tháinig go dtí an tuama. Nuair a chrom sé síos chonaic sé na línéadaí ina luí ansiúd, ach ní dheachaigh sé isteach. Ansin tháinig Síomón Peadar ina dhiaidh agus chuaigh sé isteach sa tuama, agus chonaic sé na línéadaí agus an brat a bhí ar a cheann – ní i dteannta na línéadaí a bhí sé, ach fillte in aon áit amháin leis féin.
Ansin. an deisceabal eile, a tháinig ar dtús chun an tuama, chuaigh sé isteach agus chonaic agus chreid sé.
Óir níor thuig siad go fóill an scrioptúr nárbh fholáir é a aiséirí ó mhairbh.

Soiscéal an Tiarna.                  Moladh duit, a Chriost


AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart

************************************
Machtnamh ar Bhriathar Dé dia Domhnaigh

Páirteach san Aiséirí 

Ceiliúraimid  aiséirí Íosa inniu.  Sinne ag fágaint slán leis an ndorchadas agus leis an dúluachar  inár saol féin.Is íomhá áluinn an choinneal maisithe seo atá os ár gcomhair, coinnneal ag tabhairt uaithi teas agus súchas agus solas, cuireadh dúinn giomhartha an dorchadais a thréigint agus cúl a thabhairt don uile rud atá mícheart nó leithleasach. Inniu, mar a bheadh deisceabail nuadéanta, deisceabail nua-bhaiste, déanaimid réiteach mar adeir naomh Pól ‘siúl i gcónaí mar leanaí an tsolais’. Tugtar cuireadh dúinn ár gealltanais baiste féin a athnuachan. Seo agat iad, droim láimhe a thabhairt do olc agus don pheaca agus a chinntiú go bhfuilimid ar lorg Íosa Críost as seo amach, trí saol maith agus báúil agus grámhar, arna mhúnlú ar shompla an tSlánaitheora. Sa réiteach seo, tacaíonn agus treoraíonn an Spiorad Naomh sinn, mar ar gheall Íosa a roinnt linn agus gur féidir linn a bheith ag brath air i gcónaí. Mar sin,  a dheirfiúracha agus a deartháireacha, déanfaimis, d’aon guth, dearbhaimis as an nua ár ngeallúintí baiste de ghuth soiléir, ard agus áthasach.    (ar lorg Íosa—following in the footsteps of Christ)

Pádraig Ó Rúairí, cpSliabh Argus, Átha Cliath.

********************************************